Tá traidisiún fada díospóireachta as Gaeilge sa scoil. Is cuid lárnach de chleachtais na roinne Gaeilge í agus glactar páirt i ndíospóireachtaí Gael- Linn.
Mar aon le haidhm an chomórtais úsáidtear iad mar áis chun an teanga a mhúineadh trí rannpháirtíocht an ranga go léir.
Freastalaímid ar dhaltaí sóisearacha agus sinsearacha araon.
Tosnaíonn an comórtas i mí Deireadh Fómhair agus ag braith ar dhul chun cinn na fóirne craoltar na craobhacha réigiúnacha i mí Eanáir.
Is mar sprioc fadthéarmach againn Craobh na hEireann a bhaint amach agus Corn an Phiarsaigh a bhreith abhaile linn!